Dunloy, Ballymena

© 2018 by Unit Updates.

  • Facebook App Icon
  • Twitter App Icon

Bua Ag an Tríú Iarracht do Naomh Pádraig?


Captaein Naomh Pádraig agus Ard Eoin roimh thús an chluiche CSP eatarthu anuraidh.

The Devenish CSP Aontroma – Reamhbhabhta

Naomh Pádraig Lios na gCearrbhach v Laochra Loch Lao

Gleann Eabhaigh

Aoine 23ú Lúnasa @ 7:30pm

Réiteoir – Barry Hotchkiss


Cuireann Naomh Pádraig agus Laochra Loch Lao tús le feachtas CSP s’acu oíche amárach i nGleann Eabhaigh.


Leis an chluiche ceannais caillte acu i 2017 agus 2018, beidh súil ag fir Lios na gCearrbhach go mbeidh an bua acu ar an tríú iarracht i mbliana. Ardaíodh Naomh Pádraig chuig Roinn 2 anuraidh agus cé gur fhill siad díreach arís, beidh siad dóchasach go gcuideoidh an taithí sin leo i mbliana.


Fuair Lios na gCearrbhach a mbua amháin ag Páirc an Athar Mhic Fhinn, áit a bhain siad díoltas ar Ghleann Riabhaill, a bhuaigh sa chraobh iad agus a bhain comórtas Roinn 3 ar dhifear aon chúilín amháin anuraidh.


Francis McMeel, a fuair Laoch na hImeartha sa chluiche CSP idir Naomh Pádraig agus Ard Eoin anuraidh.

Faraor, níl a n-áit ag bun an tábla chomh simplí sin. Chaill siad ar dhifear níos lú na 5 chúilín sé uair i rith an fheachtais agus d’éirigh go maith leo i roinn dian.


Tá cur chun cinn déanta ag na Laochra sa dara bhliain s’acu. Bhain siad 4 chluichí agus scóráil siad 17 gcúl. Fuair Na Piarsaigh an lámh in uachtar orthu anuraidh sa chraobh i ndiaidh dóibh captaen Seán Mac Corraidh a chailleadh mar gheall ar an ghortú ag deireadh an chéad leith.


Cé gur chríochnaigh siad sa 9ú háit, bhí 8 bpointe eatarthu agus Mac Uilín ag bun an tábla. Fuair siad a mbua is cáiliúla nuair a bhain siad ar scór 3-07 go 0-15 in éadán Chumann Uí Dhonáill, a d’imir i Roinn 2 sa bhliain 2018.


Tá Seán Mac Corraidh réidh le cuidiú lena fhoireann i ndiaidh a bheith gortaithe níos luaithe sa bhliain.

Bíonn Francis McMeel agus Josh McMullan tábhachtach do thosaithe Naomh Pádraig mar is gnáth agus treoraíonn Eoin Fay an fhoireann ó lár na páirce. Roghnaíodh McMeel mar Laoch na hImeartha s’againn anuraidh sa chluiche in éadán Ard Eoin.


Tá blás idirchontae ag foireann na Laochra. Chuir siad Aaron Ó Sraitheáin ó Chontae an Dúin agus Éamonn agus Connla Ó Coinn ó Ard Mhacha leis an foireann i mbliana.


Gortaíodh Seán Mac Corraidh ag tús na sraithe ach tá sé ar ais ar a sheanléim don chraobh, agus beidh ar Naomh Pádraig súil ghéar a choinneáil ar Conchúr Mac Siacais sna tosaithe.


Beidh súil ag an dá fhoireann go gcuideoidh a gcuid taithí leo oíche amárach i nGleann Eabhaigh, ach ba chóir go mbeadh go leor ag Naomh Pádraig i ndiaidh a mbliana i Roinn 2. Beidh súil acu go mbeidh siad ag ullmhú do chluiche ceathrú-cheannais in éadán na bPiarsach.


#TheDevenishJFC