Dunloy, Ballymena

© 2018 by Unit Updates.

  • Facebook App Icon
  • Twitter App Icon

Bua Phádraig in éadán Laochra Feabhsaithe


Barry Hotchkiss gets the second half underway.

Naomh Pádraig 1-09 Laochra Loch Lao 1-04


Bhí ar Naomh Pádraig an bua seo a thuilleamh sa The Devenish Chraobh Sóisir Peile Aontroma i nGleann Eabhaigh anocht in éadán foireann Laochra Loch Lao a bhfuil mórán chur chun cinn déanta acu i ndiaidh dhá bhliain sna comórtais chontae.


Níor thug foireann na Gaeltachta deis socruithe ag fir Lios na gCearrbhach le cruth cosánta a chuir deacracht ar a gcéilí comhraic. B’amhlaidh gur oibrigh an beart nuair a d’aimsigh siad cúl díreach roimh leath-ama, ach chuidigh cúl luath sa dara leath le Naomh Pádraig agus chríochnaigh siad go láidir.


I ndiaidh oscailt teannasach, thosaigh Josh McMullan an scóráil sa 3ú bhomaite, ag cur deireadh le bogadh lán-páirce le cúilín néata ón thaobh deis.


Rachadh 7 mbomaite ar aghaidh roimh an chéad scór eile, Ben McMullan ag aimsiú na gcuaillí i ndiaidh oibre fhoighneach chun bearna 2-chúilín a oscailt.


Bhí cosaint na Laochra ag buachaint na liathróide ar a line 45m, ach bhí ag teipeadh ar a ruathair ag taobh eile na páirce, ach mhair an leamhsháinn chuig an 18ú mbomaite nuair a tháinig Mark Chernek tríd an chosaint le cúilín eile a aimsiú.


Cé go raibh siad 3 chúilín chun tosaigh, bhí frustras le feiceáil ar fhoireann Naomh Pádraig. Chuir siad cúig iarracht ar foráil san iomlán sa chéad leath agus le cúig bhomaite fágtha ar uaireadóir an réiteora Barry Hotchkiss, chruthaigh lucht Bhéal Feirste an bogadh is fearr sa chluice acu.


Laoch na hImeartha na Cultúrlainne, Colm Burns, a bhí iontach teann i cosaint Naomh Pádraig.

Bhain Éamonn Ó Coinn an liathróid, chuaigh sé ar ruathar ar a dtaobh deise agus chiceáil sé pas iontach isteach chuig Marcas Ó hEochaidh. Bhris Ó hEochaidh an liathróid go Diarmuid Mac Pilib, a chríochnaigh í go híseál taobh thiar de Peter O’Neill sa líon.


Lig phas iontach eile ó Sheán Mac Corraidh d’Aaron Ó Sreacháin a chéad chúilín a aimsiú agus bhí na Laochra chun tosaigh don chéad uair, ach chuir Conor Dixon deireadh leis an chéad leath le cic soar cruinn le cinnitú gur chríochnaigh siad ar chomhscór ag leath-ama.


D’oscail Francis McMeel an scóráil sa dara leath le cúilín mór fada sulár chuach Mark Chernek an liathróid chug líontán Loch Lao chun a dtosach a leathnú chuig 4 chúilíní.


D’aimsigh Shane McEvoy cúilín eile do Naomh Pádraig sulár laghdaigh ciceanna saoire ó Aaron Ó Sreacháin agus Pádraig Ó Tiarnaigh an bearna arís go dtí 3 chúilíní, ach chuir Mark Torbitt cúilín an árachais ar ais ar an bhórd i ndiaidh cic saor cliste ó Niall Ward.


Chuir Aaron Ó Sreacháin cúilín eile thar an trasnán leis an bearna a laghdú, ach fuair Conor Dixon a dara chúilín den chluiche lena hoscailt arís.


Le 4 bhomaite fágtha, rith Niall Ward trí chosántóirí tuirseacha na Laochra le cúilín deireanach an chluiche a aimsiú, sulár cuireadh Seán Mac Corraidh ón pháirc mar gheall ar fheall buailte.


Thig le Laochra feabhsaithe Loch Lao cuid mhór rudaí dearfacha a ghlacadh ón chluiche seo, a gcuid cosánta sa chéad leath mar phríomhrud dearfach, ach is é Naomh Pádraig a bheith ag ullmhú do chluiche ceathrú ceannais na craoibhe in éadán na bPiarsach.



Naomh Pádraig: Peter O’Neill, Jack McMullan, Thomas Burns, Colm Burns, Mark Torbitt (0-01), Tighearnan Ó Meallaigh, Eoin Fay, Ben McMullan, Sionán Ó Suilleabháin, Josh McMullan, Mark Chernek (1-01), Shane McEvoy (0-01), Conor Dixon (0-02f), Francis McMeel (0-01), Niall Ward (0-01).


Subs: Pádraig McMahon for Josh McMullan 43, Rory Kennedy for Shane McEvoy 50’


Laochra Loch Lao: Niall Ó Ceallaigh, Seán Ó hAinbhaidh, Conor Ó Dochartaigh, Éamonn Ó Coinn, Conchúr Mac Siacais, Conor Mac Gafraidh, PJ O’Prey, Seán Mac Corraidh, Connla Ó Coinn, Ciarán Ó Conchúr, Seán Ó hEacháin, Pádraig Ó Tiarnaigh (0-01f), Diarmuid Mac Pilib (1-00), Aaron Ó Sreacháin (0-01, 0-02f), Marcas Ó hEochaidh.


Subs: Roibeáird Mac Siacais for PJ O’Prey 49’, Darius Ó Conluain for Seán Ó hEacháin 61’


Referee: Barry Hotchkiss (St Joseph’s Glenavy)


Man of the Match: Colm Burns (Naomh Pádraig)


#TheDevenishJFC #AntrimJFC