Dunloy, Ballymena

© 2018 by Unit Updates.

  • Facebook App Icon
  • Twitter App Icon

Na Piarsaigh ró-Láidir do na Laochra


Piarais Donaghy (Na Piarsaigh) agus Seán Mac Corraidh (Laochra Loch Lao) le réiteoir Tomás Eastwood (Naomh Éanna) roimh an chluiche.

Laochra Loch Lao 1-03 Na Piarsaigh 3-18


Nuair a chuir Seán Mac Corraidh an liathróid thar trasna sa chéad bhomaite, bhí na Laochra in áit na mbrionglóidí, ach ní raibh fonn ag Na Piarsaigh a bheith páirteach in aon síscéal, agus tháinig siad ar ais go láidir leis an bhua a bheith acu sa chluiche Chraobh Shóisir Aontroma oíche Dé hAoine sna Coillte.


B'é seo an chéad chluiche craoibhe Aontroma ag na Laochra ó chuir siad isteach ar shraith an chontae i mbliana, ach bhí tús iontach acu, Ciarán Ó Crothair ag lasadh lámha chúl báire na bPiarsach sular chríochnaigh Seán Mac Corraidh idir na cuaillí ó 45 slat.


Thug Liam Deegan ó Na Piarsaigh freagra díreach dóibh, ag teacht isteach ón taobhlíne chlé agus an liathróid a eitilt thar trasna. Chuir Deegan cúilín eile leis ó chic saor soicindí ina dhiadh sin agus chríochnaigh a gcaptaen Piarais Donaghy go deas le bearna dhá chúilín a oscailt.


Fuair Na Piarsaigh seilbh mhaith ar an chluiche sa chéad ionsaí eile, Conaill Campbell ag briseadh trí líne cosanta na Laochra agus ag scaoileadh na liathróide isteach i gcuaine an líon sulár chuir cúilíní ó Darren O'Neill agus cic saor eile ó Deegan seacht gcúilín idir na foirní.


Bhí na Laochra ag ardú na déine agus bhí go leor buillí troma ag dul isteach, agus tugadh luaíocht dóibh, Seán Mac Corraidh ag treorú na liathróide idir na cuaillí leis an bhearna a íslú.


Bhí Na Piarsaigh ag cruthú cuid mhór deiseanna, ach tugadh dóchas do na Laochra mar a thit na deiseanna ar foráil de réir a chéile go dtí go bhfuair foireann Thuaisceart Bhéal Feirste a ndára chúl, Daniel Magee ag dul timpeall ar cupla cosantóirí na Laochra agus ag críochnú chuig an líon, cé gur chuir cosantóir amháin lámh ar an liathróid ar bealach.


Ní raibh na Laochra críochnaithe go fóill, faraor, agus thóg Fearghal Mac Ionnrachtaigh an liathróid thar cheann Eamonn McKenna, í ag críochnú i gcuaine an líon le dóchas úr a thabhairt do na Laochra.


Ní raibh mórán ama fágtha go dtí leath-ama, ach líon Na Piarsaigh an t-am le ceithre chúilíní, dhá chúilín ó Deegan agus cúilín amháin do Phiarais Donaghy agus Daniel Magee leis Na Piarsaigh a fhágáil chun tosaigh ar scór 1-02 go 2-09 ag leath-ama.


Ciceann Donaghy an liathróid chun tosaigh.

Bhí dúshlán mór ag na Laochra, agus rinneadh níos crua é nuair a chaill siad captaen Seán Mac Corraidh trí ghortú díreach ar leath-ama, agus thosaigh Na Piarsaigh nuair a chríochnaigh siad an chéad leath, Liam Deegan ag cur chic saor idir na cuaillí, a bhí ar Seán Ó hEacháin cuidiú thar trasna lena lámh.


D'ardaigh na Laochra brat bán sa chéad ionsaí eile, Conchúr Mac Siacais ag glacadh le pásáil ó Pádraig Ó Tiarnaigh agus á cur thar trasna go néata, ach tháinig Cormac O'Neill díreach ar ais le freagra ó na Piarsaigh.


Ní raibh na Laochra le scór a fháil i gcuid eile an chluiche agus leán Liam Deegan ar aghaidh lena taispeantás iontach, ag críochnú chic saor sula bhfuair Patrick Nolan, Piarais Donaghy agus Ciarán McCavana cúilíní dá gcuid féin leis na Piarsaigh a fhágáil cúig chúilín déag chun tosaigh.


Chuir Deegan cic saor eile lena iomlán sulár cuireadh Laoch ón pháirc, réiteoir Tomás Eastwood ag bronnadh charta deirge ar Chonchúr Mac Siacais mar gheall ar bhuille a chuir sé ar Phiarsach.


Chríochnaigh Deegan an cic saor agus le naoi mbomaite fágtha ar ah chlog, bronnadh deis eile dó ó chic pionóis. Ní dhearna Deegan aon mheancóg, ag críochnú chic pionóis Paneka go deas néata chuig an líon mar a léim Seán Ó hEacháin ar dheis.


Chuir Deegan cic saor amháin eile thar trasna sula bhfuair Fearghal Mac Ionnrachtaigh carta dearg dá chuid féin díreach roimh an fheadóg fhada, a séideadh leis Na Piarsaigh 21 chúilín chun tosaigh.


Laoch na hImeartha Liam Deegan, a chríochnaigh an cluiche le 1-10 scóráilte aige.

Lá stairiúil a bhí ann do na Laochra, ag cur isteach ar Chraobh Aontroma don chéad uair riamh agus is cinnte go mbeidh lá eile ag an bPaorach seo an bhliain seo chugainn. Maidir leis an chraobh seo, beidh lá eile an an bPiarsach mar a théann siad chun tosaigh sa chéad bhabhta eile le go leor muiníne i ndiaidh an taispeantáis seo.


Laochra Loch Lao: Seán Ó hEacháin, Odhrán Rucail, Eamonn Mac Raghallaigh, Diarmuid Ó Hartagáin, Cormac Tailliúir, Naoise Ó Cairealláin, Seán Mac an Bheatha, Deaglán Ó Grianna, Seán Mac Corraidh (c) (0-01, 0-01f), Conchubhar Mac Gafraidh, Pádraig Ó Tiarnaigh, Tarlach Barclaigh, Conchúr Mac Siacais (0-01), Ciarán Ó Crothair, PJ O'Prey, Fearghal Mac Ionnrachtaigh (1-00).


Na Piarsaigh: Eamonn McKenna, Naoise Ó Cuilín Mag Aoidh, Thomas McFarlane, Luca Gianetto, Aodhán McCavana, Aidan Bannon, Darren O'Neill (0-01), Piarais Donaghy (c) (0-02, 0-01f), Ciaran Magee, Conaill Campbell (1-00), Cormac O'Neill (0-01), Patrick Nolan (0-01), Liam Deegan (0-04, 1-06f), Daniel Magee (1-01), Ciaran McCavana (0-01).


Réiteoir: Tomás Eastwood (Naomh Éanna)


#AntrimJFC #UnitUpdates